Lig dom dúiseacht

Dá mbeinn i mo dhán, ‘s tú a chum mé,                                                    Translation
Dá mbeinn i mo mhian, is tú a íd mé,
Dá mbeinn i m’amhrán, ‘s tú a chan mé, chomh milis,
Dá mbeinn i mo phóg, ‘s tú a shéid mise uait.

Dá mba doras tú, is mise a phlab tú amach,
Dá mba solas tú, ‘sé mise a lasc as tú,
Dá mba taisceadán tú, is mise a chur tú..ó..faoi ghlas,
Dá mba an eochair tú, is mise a chaith tusa uaim.

Cad ‘na thaobh a ghortaímid iad san is neasa dúinn?
Dúnaimid ár gcroíthe cé narb é ár leasa buan’,
D’ainneoin ár mothúcháin ceiliúrann ár ndea-sa rúin, ba mheasa dúinn!

Dá mba droichead sinn, táimid dár loscadh,
Dá mba soitheach sinn, táimid ag dul go tóin,
Dá mba tine sinn, tá luaith á dhéanamh dúinne,
Dá mba leoithne sinn, táimid síobtha, mo bhrón.

Cad ‘na thaobh a ghortaímid iad san is neasa dúinn?
Dúnaimid ár gcroíthe cé narb é ár leasa buan’,
D’ainneoin ár mothúcháin ceiliúrann ár ndeasa rúin, ba mheasa dúinn!

Muna bhfuil sé ró-mhall, maith dom m’fhiacha.
Más é taibhreamh é, lig dom dúíseacht.
Muna bhfuil sé ró-mhall, maith dom m’fhiacha.
Más é taibhreamh é, lig dom dúíseacht.
Lig dom dúiseacht….