Ag líonadh mo chroí

Tá sé san fheothán ag teacht ó na sléibhte,                                Translation
‘sé i mboladh na mara san ghaoth,
‘sé ‘n ór geal an aitinn glébhuí ar cnocán
agus tá sé ag líonadh mo chroí.

Tá sé i miongháire pháiste ag súgradh,
‘sé san splanc sin i súil sheanfhir,
‘sé sa bhrionglóid a ghorann tú ar dhúiseacht duit,
an rud a phollainn trí do chroí mar bhior.

Is damhsa an eorna i leoithne é,
sé ‘n tintreach i lár na hoíche,
‘sé san ghealach gheal os cionn na tsaile,
agus tá sé ag líonadh mo chroí.

Tá sé sa chéadsheasamh tuisleach an shearraigh,
‘sé sa ruathar an tseabhaic san aer,
‘sé ‘n spleachadh mhadra rua le héirí na gréine,
agus líontar mo smaointe go léir.

Áááá, éiríonn ‘is eitlíonn ‘is ardaíonn sé,
Buaneitilt san aer,
Lonraíonn ‘is dealraíonn ‘is drithlíonn sé,
Mar réilín sa spéir,
Anam-oíche:
Soilsíonn sé…

Is fórsa é le cumhacht dochloíte,
mícheansa, neamhaoiseach, ceanúil,
‘’is táim ag fágaint mo chéadfaí ar oscailt
agus tá siad á líonadh go dlúth.