Aon chroí lán

Aon Chroí Lán (Conamara)               (Translation)

Leoithne glas ag séideadh ó na h-oileáin,
na sléibhte daite leis an ghrian,
mo scáth ag rince tríd an cúrán bán:
an iomarca d’aon croí lán.

Feothán suaimhneach ag feadaíl ceol,
ag déanamh macalla i mo cheann,
amhrán aonarach na n-éanlaithe:
an fhuaim is uaigní sa Domhan.

Lán, lán de chuimhní,
tocht ar mo chroí,
i gConamara. Conamara.

Ag siúl go smaointeach fad an chladaigh,
imíonn na rianta i mo dhiaidh,
cuireann acha’n ní a chím i gcuimhne dom:
d’ainm, d’fholt, d’aoibh, d’aighaidh…

Lán, lán de chuimhní,
tocht ar mo chroí,
i gConamara. Conamara.

Ag cuimhneamh, ó go deo ag cuimhneamh,
ag cíoradh smóil, ag féachaint siar.
Ag smaoineamh, ó go deo ag smaoineamh:
an t-uaigneas mar chomhluadar.

Lán, lán de chuimhní,
tocht ar mo chroí,
i gConamara. Conamara.