D’iompaigh mé

D’iompaigh mé               (Translation)

Amuigh ag siúl le mo smaointe inné,
Chonac do thigh ach d’iompaigh mé.
Theip orm,
theip ar mo chroí,
theip ar mo mhisneach
‘is d’iompaigh mé.

Istigh ‘mo cheann, imithe ar strae,
tá an tslí soiléir ach d’iompaigh mé.
Coimeádaim d’aghaidh os mo chomhair amach,
tá an fhírinne inti, ag glioscarnach,
ach d’iompaigh mé. D’iompaigh mé.

I rith mo shaol, bonn ar aon,
briseann an nádúr: an seanscéal.
Chím tú. Cloisim tú. Breathnaím tú.
Tuigim tú. Aithním tú.

Duraís liom uair, nar thagann chiall roimh aois,
muna mbeirtear ar an bhfaill, ní thiocfar arís é.
Ach ‘sé mo thuairimse,
de réir mo chuid taithí,
maidir leis an chiall, ní thiocfaidh sí choíche.

D’iompaigh mé, d’iompaínn i gcónaí,
d’iompóinn arís agus iompóidh go deo mé…