Filíocht as Gaeilge

Seo, a leanas, samplaí de mo chuid filíochta. Tá súil agam go mbainfear taitneamh astu.
For translations, click the title.

Buille na bachaille  (Comhar – Aibreán 2019)

“Ár Nathair atá ar Neamh,”
a ghuínn go soineanta
gach maidin ar scoil.

Ní raibh mórán meas agam
ar Naomh Pádraig.
Bhíos sásta leis an lá saor ón scoil, ar ndóigh,
agus rud is fearr ná sin arís,
bhaineas an-taitneamh as na milseáin
a bhí cead againn ithe ar an Lá sin,
diospainseáid ó throscadh an charghais.

Ach, chomh maith le sin,
taobh amuigh de m’Eiriceacht Dhúchasach,
neamhbhearthaithe,
chreideas go raibh na scéalta
roimh theacht Phádraig
níos fearr ná iadsan ina dhiaidh.

Agus rud eile,
bhí na sagairt chomh cinnte sin,
i gcónaí,
deimhneach,
– rud b’ait domsa,
mar aon uair a d’fhéachas
ar bhachal an easpaig,
ní fheicinn ach
comhartha ceiste.

************************************

Amhrán an Earraigh
(renku)

Piasún ag tafann:
seana-dhúisire meirgeach.
Bláthanna ‘g buíochan.

Ceol leachtach arís.
Londubh dubh ar chraobh lom, dhubh,
órchantain órghoib.

Cothaitheoir tréigthe.
Íde béil éan i bhfolach.
Cat mín laistíos.

Ollchór an ghairdín
i gcomórtas binncheolmhar.
Baird dhothuirsithe.

(An Ghaoth Aneas: Forlíonadh Gaeilge
Southword 27 January 2015)

**********************************

Lá Fhéile Bhríde              (buaiteoir Poet’s Podium 1995, Samhlaíocht Chiarraí)

Dhúisigh an ghrian sinn
an maidin úd:
Solas órga
ag stealladh
‘is ag scairdeach
isteach ar an urlár,
ag slaparnach
thuas na fallaí,
ag sruthlaíonn
an doras síoroscailte isteach.

Níor thuigeamar
ar dtús cad a bhí ag titim amach.
Níor aithníomar
torann buí na gréine.
Ach chuimhníos
go tobann ar na bhfocail a dúraís
mar dhraoi:

“Tiocfaidh an Ghrian thar nais ar Lá Fhéile Bhríde.”

Agus d’árdaigh dóchas
ársa pagánach im’chroí.
Inár suí sa leaba,
Brigid nó Danú,
Bhí an Geimhreadh gruama thart,
An lámh in uachtar ag an tÉarrach.

“Tiocfaidh an Ghrian thar nais ar Lá ‘le Bhríde.”

**********

Thánas de thaisme ar ráth sí
ar chnocán geimhreata
agus an ghaoth ag crónán
fuaimeanna farraige
i gcrann cuilinn
agus cruth péacóige air.

D’athraigh sé
ó fhál driseach
go babhla uaine is óir,
cuach rúndiamhra is cogarnaí,
breogán ársa is iomlán
in aon chéim amháin
thar tairseach ghrianchloiche
ghléigeal, niamhrach.

Bhí sé fós fiáin laistigh,
frainsí meirgeacha ag luascadh ar mire:
maidhm Mheicsiceach ag croitheadh gan sos, gan faoiseamh;
pána sioctha na spéire breac le préacháin;
poill dhúdhonna na gcoinníní á bhogadh leis an raithneach shionnach-rua.

Istigh,
ghabhas timpeall an leasa trí huaire,
deiseal,
agus níor tharla faic.
Nó, b’fhéidir
gur tháinig mé amach as
i saol síor-athraithe
ag mo ghníomhartha
tuisleacha, meargánta.

Foilsithe in A Bowl of Mysteries: Poetry Ireland Introductions Selected Poems 2017. Different versions of ‘Sí’ (‘Fairy Fort’) were published by USA e-journals Pirene’s Fountain (Summer 2012), and Setu: A Bilingual Journal of Literature, Arts & Culture (May 2017). It was substantially rewritten following the workshop with Nuala Ní Dhomhnaill in Poetry Ireland in 2017.

*************************************************

Haiku na n-Ean               (foilsithe i Southword, 2000)

i.
Ceol i ngach aon áit.
Druideanna ar líne
mar nótaí ar chliath.

ii.
Snag breac aonarach:
One for sorrow.
Tá gach aon rud dubh agus bán.

iii.
Istoíche,
bailíonn gruama
lena dubhthréada ag filleadh.

**********

Talamh Aineoil                      (foilsithe i Southword Vol.2 No.3 Summer 2000)

Siar cois chladaigh,
clocha ildhaite,
línte chasta fheamainne caite
ar imeall ard-taoide: talamh aineoil.

Feothán géar
ag féadaíl ceol
ar seamsúr na luachair
thall sa riasc.

Scréach éadóchasach
na coirre eisc
– an fhuaim is uaigní sa Domhan,
ag déanamh macalla i mo cheann.

**********

Solas                       (foilsithe i Southword Vol.2 No.3 Summer 2000)

Is i lár na hoíche
a lúbarnáileann
péist an fhó-chomhfhios
go dtí an ndromchlá.

Is i lár na hoíche
nuair a bhíonn tú
ag casadh ‘is ag únfairt
sna bráillíní snáithe
a stráiceáileann
féileachán na fírinne
amach as a chroisealas fáiscthe.

Is i lár na hoíche
a lonraíonn solas
fhéineolas is gile
trí dhorchadas an mhearbhaill.

**********