Oighreata

Oighreata                         (Translation)

Chím i do sheasamh cois fuinneog tú
‘is eas na gealaí ag stealladh ort,
dúnfort fuar, fíorálainn cinniúnach
le caomhnú éiginnte na fallaí thart.

Go balbh i loinnir na gealaí
mar dhealbh faoi bhrat tostach sneachta
ach do ghualainn ag critheadh leis an iarracht
do chuid géarghol crua a smachtadh.

Scairtim d’ainm agus casann tú,
ach iompaíonn tú do shúile dheargimealltachta uaim:
deargthraochta le caoineadh, na deora fós ag sileadh
‘is druideann tú go daingean amach mé.

Agus táimse oighreata sa doras,
oighreata i dtír íochtarach fhuarchúiseach.
Ceapadh sa ghaiste curtha agam féin,
gafa i dtromluí gan dhúiseacht.

Scairtim d’ainm…