Siúil Amach an Doras

Siúil Amach an Doras              (Translation)

Bhí mé ag machnamh ar mo chruachás aréir,
Ag smaoineamh ‘is ag cuimhneamh ar mo fhadhbanna go léir,
Nuair a labhair guth in aice liom, go tobann as an aer
Is dúirt bean liom,”siúil amach an doras!”

“Bhíos ag féachaint ort,” a dúirt sí liom,”i ngiorraíocht anocht;
Is rud nua dom: bhí trua orm, ar chor an duine bhoicht;
Ach caithfead bheith macánta leat: is ortsa atá ‘n locht,
‘Sé an réiteach ná siúil amach an doras.”

Siúil amach an doras – ná habair slán!
Siúil amach an doras – gan focal amháin.
Siúil amach an doras – amuigh san aer,
Siúil amach an doras – is beidh tú saor.

Bheul, aontaím le do chomhairle is gach focal as do bhéal,
Ach is fusa a rá ná a dhéanamh, cosúil le gach rud insan saol,
Ach dá bhfanfá i mo theannta, bheadh a mhalairt ar an scéal,
Is bheinn in ann siúil amach an doras.

Siúil amach an doras…srl.

Is dúirt sí,”ó gan amhras, tabharfad tacaíocht duit, a chroí,
I ndáirire tá sé chomh fuirist le bheith ag comhaireamh 1, 2, 3.
Is mura miste leat, leanfaimid ag cleachtadh i rith na hoíche,
Go dtí go siúlfaidh tú amach an doras!”

Siúil amach an doras…srl.