Ciorcail (Translation)
Tá boladh binn na móna
‘s ceol críonna na rónta
ag caisirnínigh tríd an aer.
Tá cór na réaltaí ag canadh
‘s corr-néal fánach
ag damhsa go mall-leasc thar an spéir.
Cuireann súid i gcuimhne dom
go bhfuil an t-am ag sní uaim
gan réiteach dom’cheisteanna go léir.
Ritheann timpeall m’intinn iad
‘is suaitheann m’inchinn iad:
ní chím aon shlí shoiléir.
Ba mhian liom mo smaointe
a bheith cruinn ‘is cinnte
– ní dóigh liom gur mór í an ghuí,
‘is tosú shaoil nua
gan bhrú néil a’dua
-in éadóchas a dhéanaim m’impí.
Go deo ‘is choíche
tagann ceol na hoíche
mar bhalsam ar m’anamsa tinn,
Tumaim istigh san fhuaim
‘is tagann faoiseamh chugam
atá suaimhneach, geal ‘is binn.