An Domhan Cláir

An Domhan Cláir                (Translation)

Do chuala glaoch choiligh mo chomharsan
go luath maidin inné.
Do chuala a thua laistall den choill
‘s anois táim ar mo shlí.
Is fearr le chuid na soilse gile.
Bíonn an baile ó chuid mhaith leis.
Ach, mise, táim ag siúl ‘dtí an áit iargúlta
‘Is ní thiocfaidh mé thar nais.

Le m’fhidil ‘is mo bhogha cois ‘n tine bheo,
cloistear an fhuaim léanmhar.
Ó fágfad slán ag mo shaol leadránach
‘is siúlfad an domhan cláir.

Ainmhí cúthail ‘sea an madra rua,
Maireann an fiolar í gcéin;
Míle mhíle ón dteach deireanach
a thógfad mo thigín féin.
Chonaic mé an trácht sa chathair mhór,
Do chuala a’ tormán,
Baileoidh mé liom i dtreo na sléibhte donn
‘Is cuirfidh mé fúm ansan.

Le m’fhidil ‘is mo bhogha cois ‘n tine bheo,
cloistear an fhuaim léanmhar.
Ó fágfad slán ag mo shaol leadránach
‘is siúlfad an domhan cláir.