Adhmad Farraige

Adhmad Farraige               (Translation)

Chonaic mé long ag seol’, ag seol’,
Ag seol’ go tiubh thar muir.
A tosach ar aghaidh éirí na gréine
Is í ag luathadh soir.
Is í ag luathadh soir.

Chonaic mé long ollmhór ag seol’,
ág pléascadh tríd an gcúr:
Taistealaí tapaidh, tailc ‘is teann,
Ag seol’ go scafánta siar.
Ag seol go scafánta siar.

Agus mé i m’aonar ar trá le tnúth,
Ag amharc ar na longa ag taisteal go deo,
Gan fhios, gan spéis, gan aire ionamsa,
An t-amhmad farraige fréamach seo.

Chonaic mé long chiúin, chaoin ag seol’,
Ag sleamhnú idir mé agus léas:
Soitheach samhailteach, saolta, saor,
Ag seol’ go suaimhneach ó dheas.
Ag seol’ go suaimhneach ó dheas.

Agus mé i m’aonar ar trá le tnúth,
Ag amharc ar na longa ag taisteal go deo,
Gan fhios, gan spéis, gan aire ionamsa,
An t-amhmad farraige fréamach seo.

Is chonaic mé long bhródúil ag seol’,
Mórchúiseach, maisiúil, mín.
‘s gnó tábhachtach aici sa deisceart
In aiteanna le ainmneacha binn.
In áiteanna le ainmneacha binn.

Agus mé i m’aonar ar trá le tnúth,
Ag amharc ar na longa ag taisteal go deo,
Gan fhios, gan spéis, gan aire ionamsa,
An t-amhmad farraige fréamach seo.