Níl éinne mar Mháire

Níl éinne mar Mháire                                                Translation
‘is í lán de ghlóire,
Is mór í mo náire
Nach ise mo stór.

A folt geal le h-ór
a buanna go leor
‘sé mo chuspóir
í a bheith de mo chóir.

curfá
Geallaim i dtús báire
cluain a chur uirthi,
ní bheimid arís scartha,
nach mé ‘bheith ag gáire?

Ar mo ghrá di níl teorainn,
raghadsa ar a tóir
‘is má táím as an áireamh
ansin silfear na deora.

Thiteas ar an mórchóir
i ngrá lena cuma ghleoir
‘s le gleoiteacht a miongháire
‘is a háilleacht ghlórmhar.

Tá mo chroí lán de Mháire,
ag úscadh as mo phóire,
deirimse nár foláir di
bheith ‘mo leath-bhádóir.
..Ba mhór í mo náire
Muna mbeadh ise mo stór.