Éist liom, éist liom, a stóirín, Translation
Éist liom, ná labhrófá liom?
Téanam ort, téanam ort, téanam ort, a mhuirnín,
Ná shuífeá síos is labhair liom?
Haigh, a chailín, bhínn ag faire ort, a thaisce,
Ú, tá’s agamsa go bhfuil rud éigean cearr,
Téanam ort, téanam ort, cogar faoi liomsa,
Agus réiteoimid é i dtamaillín gearr.
óó-úú-mmm, ná labhrófá liom?
Sin agat é, cé nach bhfuil aithne agat ormsa,
Ú, ‘sea é, aithnímse tú,
Geallaimse, geallaim duit nár ghortóinn riamh tú,
Ní bheinn an duine sin tú a ghortú.
Tar i leith, réitímis, a chraobhóige,
Tar i leith, socróimis ar phlean,
Tar i leith, cuirimis ár gcomhairlí i gceann a chéile,
Mar feiceann beirt níos fearr ná duine amháin.
óó-úú-mmm, ná labhrófá liom?
Cogar anois, cogar, lig do rún liom,
Cogar, a stóirín, suaimhnigh do mheon,
Cogar, a chailín, cogar mé seo leat,
Cogar, a mhúirnín, is cás liom do bhrón.
óó-úú-mmm, ná labhrófá liom?
Éist liom, éist liom, a stóirín,
Éist liom, ná labhrófá liom?
Téanam ort, téanam ort, téanam ort, a mhuirnín,
Ná shuífeá síos is labhair liom?
Ná shuífeá síos is labhair liom?
Ná shuífeá síos is labhair liom?