Lá an Dreoilín

Tá scéilín nua ‘gam le hinsint daoibhse,                         Translation
Cúrsaí spóirt agus comhrá dí,
An craic ‘s an ceol ar Lá an Dreoilín,
Ag tiomáint na bóithre Chorca Dhuibhne.

curfá:
Ó, a thiarcais! Dá gcífeá an sorcas,
Cúigear ‘s fiche ar an dtréiléir beag,
Tachta, míshlachtmhar le deatach an tractor,
An pórtar á dóirt le gach linntreog!

Ó Bhaile na hAbha ‘s ó Bhaile na Rátha,
Gleann Loic, Gleann Mór agus an Ceathrú,
Ó gach cúinne an phobal i meascanna ‘s giobail,
Chun dul ar an Dreoilín a thána an slua.

Ansan i dtigh Kruger, an “local boozer”,
Le giotáir agus fidil agus boscaí ceoil,
Ag bualadh na bodhráin, ag canadh na hamhráin,
Cuid ag damhsa, cuid eile ag ól.

Thiománamar ó thuaidh á lorg deoch cruaidh
I ngach tigh tábháirne san Buailtín,
Fionntrá, Ceanntrá, timpeall an Domhan, tráth,
‘S thar nais arís go Dún Chaoin mhín.