Brónagh

Brónagh, Brónagh, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?                    Translation
Brónagh, Brónagh, ca’na thaobh a bhfuil an brón sin ort?
Ar fhág sé arís tú, mar a fhág sé go mion-minic riamh?
Ar fhág sé arís tú, tréighthe, tréighthe ‘is tromchroíoch?

Brónagh, Brónagh, b’shin cúis do chaoineadh?
Brónagh, Brónagh, b’shin cúis an bhróin sin ort?
Bheul, tá ní agamsa le nochtadh: tuigimse conas a bhraitheann tú.
Tá ní agamsa le nochtadh a bhíos ag iarraidh, ag iarraidh ‘choiméad faoi rún.

Chím i m’intinn tú, solas gréine ag soilsiú trí do shíoda,
cleití fite trí do fholt, ‘sé ag glioscarnach,
‘is tú ag gáire, i do sheasamh istigh sa gharraí cúl
i gcáitheadh sneachta na mbláthanna úll.

Brónagh, Brónagh, ná bí ag caoineadh.
Brónagh, Brónagh, ná bíodh an brón sin ort.
Táim ag fanacht ‘is ag feitheamh leat, ag faire go deo ar do chomhartha,
Táim ag fanacht ‘is ag feitheamh leat, ‘is a Bhrónagh,
táimse ag caoineadh, ag caoineadh chomh maith.

Brónagh, Brónagh, nach dtuigeann tú, nach gcíonn tú?
Brónagh, Brónagh, an méid i mo shaol a chiallaíonn tú dom?