Is fada an bealach abhaile anocht

Is fada an bealach abhaile anocht                                             Translation
Is fada an bealach abhaile anocht
Níos mó ná mílte is níos mó ná tocht
Is fada an bealach abhaile anocht

Ag tiomáint siar le hais an inbhir
An ré ag lonrú ar bharr an uisce
Tagann amhrán ar an raidió
Tá sé chomh smolchaite go bhféadfadh sé cumtha domsa – is duitse

Is fada an bealach abhaile anocht
Is fada an bealach abhaile anocht
Níos mó ná mílte is níos mó ná tocht
Is fada an bealach abhaile anocht

Bhí brionglóid ait agamsa aréir
Bhí usice i ngach’a’n áit is do bhíos ag dul faoi
Tá’s agam cad déarfá dá n-innseoinn duit mar gheall air
– Cé nár innseoinn duit riamh mar gheall air

Is fada an bealach abhaile anocht
Is fada an bealach abhaile anocht
Níos mó ná mílte is níos mó ná tocht
Is fada an bealach abhaile anocht

Dallamullóg ar mo mhéin
Cá bhfad a bheimid i gcéin?
Cá bhfios cé air atá an locht?
Ó is fada uaim tú anocht

Sleamhnaíonn sionnach isteach sna crainn
Scáilí na gceannsoilse ina shúile
Tagann an t-amhrán sin ar an raidió
Tá sé chomh smolchaite go bhféadfadh sé cumtha dúinne…

Is fada an bealach abhaile anocht
Is fada an bealach abhaile anocht
Níos mó ná mílte is níos mó ná tocht
Is fada an bealach abhaile anocht
Is fada uaim tú anocht